Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 10:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Anall leo ón talamh thall, i nGeaba atá siad ar ceathrúin oíche. Tá Rámá ar bhall amháin creatha, Gibeá Sól ag imeacht ina tháinrith;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus do chúadar anonn thar an tóchar: do thógbhadar súas a lóistín ann Géba; ata Ramah eaglach; do theith Gibeah Shauil.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 10:29
18 Tagairtí Cros  

An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air.


Is mar seo a deir an Tiarna: Cluineadh guth i Rámá, caoineadh agus gol géar; is í Ráchael í ag caoineadh a clainne mar nach bhfuil siad ann.


Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca; níor éirigh siad as riamh! Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?


Séidigí an stoc i nGibeá, an buabhall i Rámá! Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan. Músclaígí Biniáimin!


Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.


Ansin de threibh Bhiniáimin, Gibeón lena thalamh féaraigh, Geaba lena thalamh féaraigh,


Chuaigh Sól freisin abhaile chun a thí i nGibeá, agus chuaigh an bhuíon gaiscíoch ar chorraigh Dia a gcroí in éineacht leis.


Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d'insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.


D'fhan Sól, a mhac Iónátán, agus an slua a bhí in éineacht leis i nGibeá Bhiniáimin, agus bhí na Filistínigh i gcampa ag Micmeáis.


Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.


Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta.


Bhí splinc charraige ar thaobh agus splinc charraige ar an taobh eile den bhealach trína raibh Iónátán ag iarraidh dul anonn go dtí an garastún Filistíneach. Bhí Bózaez ar cheann acu agus Seine ar an gceann eile.


Tá an chéad splinc ag gobadh amach ar an taobh thuaidh os comhair Mhicmeáis, agus an dara ceann laisteas os comhair Gheaba.


Chuaigh Samúéil go Rámá, agus chuaigh Sól suas chun a thí i nGibeá le Sól.


D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí