Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 51:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Is é a rinne an talamh lena chumhacht; is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Do rinne sé an talamh lé na chumhacht, do dhaingnigh sé an domhan lé na ghliocus, agus do shín sé amach na flaithis le na thuicsin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:15
28 Tagairtí Cros  

Eisean amháin a leath na spéartha amach, Agus a shatail ar thonnta na mara.


tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha;


Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.


Óir labhair sé agus mhúscail sé an t‑anfa, agus thóg sé mórthonnta na mara.


Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách.


Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna, agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.


Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.


Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.


Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:


Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?


Is mise a rinne an talamh, is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air. Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéartha agus tá ceannas agam ar a slua go léir.


Mo lámh is í a bhunaigh an talamh, mo dheaslámh a scar amach na spéartha. Ach mé a ghlaoch orthu, éiríonn siad aniar chugam in éineacht.


Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú, a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh; agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios. Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?


Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.


‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.


Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:


“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.


An Dia a rinne an domhan agus a bhfuil ann, is é Tiarna neimhe agus talún é agus ní i dteampaill lámhdhéanta atá cónaí air.


Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe - a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht - le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu,


Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!


“A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí