Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 51:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua: Dá mba é gur líon mé thú le fir mar na lócaistí ar a líonmhaire, thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d'aghaidhse!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Do mhionnuigh TIGHEARNA na slógh tre na anam féin, ag rádh, Go deimhin líonfa mé thú lé daóinibh, mar budh lé catirpiléuruibh, agus tógfuid síad gáir súas ad aghaídhsi.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:14
13 Tagairtí Cros  

Labhair sé agus tháinig na lócaistí, agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh.


Ach éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a Ghiúdacha uile, a chónaíonn i dtír na hÉigipte: Tugaimse mionna faoi m'ainm mór a deir an Tiarna, nach n‑ainmneofar m'ainm níos mó i mbéal aon duine ar bith de Iúdá i gcríocha uile na hÉigipte; ní déarfaidh duine: Go maire an Tiarna Dia.


leagfaidh siad a foraois - is é an Tiarna a labhraíonn. Sea, tá [siad] thar áireamh, níos líonmhaire ná na lócaistí do-áirithe.


Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”


Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di. Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha! Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi! Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile.


“Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.


Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.


Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.


Nuair a thug Dia an gealltanas d'Abrahám is air féin a dhearbhaigh sé mar ní raibh aon rud ann níos mó ná é féin a ndearbhódh sé air.


Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n‑eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí