Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 50:44 - An Bíobla Naofa 1981

44 Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Féuch, tiucfaidh sé a níos amhuil leomhan ó at Iórdan go háitreabh an neartmhair: acht do bhéara misi orra rioth go hobann uáithe: agus cía an duine toghtha, oirdeochus mé ós a cionn? óir cía is cosmhuil riom? agus cía chinnfios a naimsir dhamh? agus cía an tréaduighe sheasfas as mo choinne?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 50:44
18 Tagairtí Cros  

Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna; tá d'fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.


Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh; is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.


Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?


Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht? Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?


“Cé leis a shamhlóidh sibh mé, nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.


Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.


Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.


Scairtim ar éan creiche anoir, ar fhear na cinniúna as tír i gcéin. Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!


cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá. Is mise Dia agus níl m'athrach ann is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!


Bailigí go léir le chéile agus éistigí; cé acu a d'inis na rudaí seo roimh ré? “Déanfaidh fear mo pháirte rud orm i gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.”


Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe, agus go dtraochann siad thú, conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra? Má tá tú míshocair i dtír na síochána, céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán?


Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil, anois tá a dtír ina fhásach, de bharr an chlaímh mhillte, de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.”


Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu, as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir. Ligfidh mise dó teacht i mo láthair agus féadfaidh sé teacht i ngar dom; go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt agus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.


Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di. Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha! Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi! Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile.


Éist le holagón na n‑aoirí; óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte. Éist le búiríl na leon óg; óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta.


agus dúirt le Corach agus lena lucht leanúna go léir: “Ar maidin amárach, nochtfaidh an Tiarna cé is leis, agus cé hé an duine coisricthe a scaoilfidh sé ina chóngar. An té a scaoilfidh sé ina chóngar, sin é an té a thogh sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí