Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 50:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Éirígí suas in aghaidh thír Mharataím, téigí ina héadan agus in éadan áitritheoirí Phacód; lorgaigí iad; beartaígí an claíomh; milltear iad go hiomlán - an Tiarna a labhraíonn. Déan an uile ní dár ordaigh mé duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 ¶ Eírghidh súas a naghaídh thíre Merataim, agus a naghaídh áitreabhthach Pecod: fásaigh agus marbh go hiomlán na ndiáigh, a deir an TIGHEARNA, agus déan do réir a nuile ní dar aithin misi dhíot.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 50:21
17 Tagairtí Cros  

cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.


Agus thairis sin, an bhfuilimse tagtha aníos chun an áit seo a ionsaí agus a scrios gan barántas ón Tiarna? Dúirt an Tiarna féin liom: Gluais i gcoinne na tíre sin agus déan é a scrios.’ ”


“Seo mar a deir Cíoras rí na Peirse: ‘An Tiarna, Dia neimhe, thug sé ríochtaí uile an domhain dom agus chuir sé do chúram orm teach a thógáil dó in Iarúsailéim in Iúdá. Duine ar bith dá phobal atá in bhur measc, go raibh an Tiarna a Dhia leis! Téadh sé suas!’ ”


In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.


Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,” ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.” Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”


Bailigí go léir le chéile agus éistigí; cé acu a d'inis na rudaí seo roimh ré? “Déanfaidh fear mo pháirte rud orm i gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.”


Mise mé féin a labhair agus a ghlaoigh air, a thug ann é agus a chuir rath ar a bheart.


Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”


(“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)


Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di. Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha! Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi! Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile.


Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart, a dhéanfaidh a tír ina fásach; ní bheidh cónaí ag duine ann feasta; thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.


Féach, táimse ag déanamh comhcheangail de náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine. Tiocfaidh siad ón tír thuaidh, cuirfidh iad féin in ordú ina héadan; tógfar i láimh ansin í; tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach; ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.


na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n‑ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill.


Sé Dia síoraí do thearmann. Anseo thíos sé an lámh shíoraí é ag tiomáint an namhad romhat; eisean a deir: “Scrios iad.”


Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí