Irimia 44:30 - An Bíobla Naofa 198130 Is mar seo a deir an Tiarna: Féach, tabharfaidh mé Forann Hofra rí na hÉigipte i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a bhás, díreach mar a thug mé Zidicíá rí Iúdá i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, a namhaid a d'iarr a bhás.’ ” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)30 Is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, do bhéara mé Phárao‐hophra rígh na Hégipte a láimh a námhad, agus a láimh na druinge íarras a bhás; mar thug mé Sedeciah rígh Iúdah a láimh Nebuchadnessar rígh na Babilóine, a námhaid, agus díarr a bhás. Féach an chaibidil |
“An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. “Is é seo Forann agus a ghéillsinigh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”