Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 38:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 radharc ar na mná go léir a fágadh i bpálás rí Iúdá, iad á dtreorú amach go hoifigigh rí na Bablóine agus iad ag canadh mar seo: ‘Mheall siad thú; rug siad bua ort, do chairde breátha! An dtéann do chosa faoi sa láib? Siúd leo chun bóthair!’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus, féuch, béarthar a nuile bhean dar fágbhadh a ttigh rígh Iúdah amach go prionnsadhuibh rígh na Babilóine, agus a déaruid na mná sin, Do bhrostuigheadar do cháirde thú, agus rugadar buáidh ort: do sluigeadh do chosa annsa lathaigh, agus dfilleadar síar tar a nais.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 38:22
22 Tagairtí Cros  

Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart;


“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”


Chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna, ar uair na faille, a Dhia. Éist liom de réir do mhórthrócaire agus do chúnaimh gan teip.


Táim do mo shlogadh i láib an duibheagáin, gan cos i dtaca agam.


Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu, iad siúd a bhfuil a muinín in íola, iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo: “Sibhse ár ndéithe.”


Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?


Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”


Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: ‘Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.’ Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh.


Óir ní mise a chuir uaim iad - a deir an Tiarna - tairngríonn siad bréaga i m'ainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.”


Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: “Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.”


Ach má dhiúltaíonn tú dul amach, is é seo an scéal a d'fhoilsigh an Tiarna domsa:


Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.


idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria.


Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.


Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.


Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe, a bhfearann agus a mná in éineacht. Sínfidh mise amach mo lámh ar dhúchasaigh na tíre seo - an Tiarna a labhraíonn.


Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile, a bhfearainn do shealbhóirí nua, óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó, santaíonn sé an brabach mí-ionraic; an sagart agus an fáidh araon, cleachtaíonn siad caimiléireacht.


Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha a rug greim daingean orthu go léir; leath sé líon do mo chosa agus thug orm casadh ar ais; d'fhág sé go tréigthe mé agus mé go dona tinn ó lá go lá.


Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche; bíonn a gruanna báite le caisí deor; níl aon sólásaí ar bith aici i measc a cuid leannán; d'fheall a cairde go léir uirthi; is naimhde di iad anois.


Rinneadh éigniú ar an mbantracht i Síón agus ar na maighdeana i gcathracha Iúdá.


Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana; ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde. Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí