Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 31:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Plandóidh tú fós fíonghoirt ar shléibhte na Samáire (tá an phlandáil déanta ag lucht plandála; cnuasfaidh siad na torthaí).

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Plainndeocha tú fós fíneamhna ar shléibhtibh Shamaria: plainndeochuid na planndóiridhe, agus íosuid íad mar neithibh coitchionna.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 31:5
15 Tagairtí Cros  

Chuir siad síol ann agus phlandaigh siad fíniúna; agus thug an talamh barr ar fheabhas dóibh.


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ceannóidh daoine garraithe agus fíniúna arís sa tír seo.’


Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.”


“A shléibhte Iosrael, fásfaidh bhur ngéaga agus tabharfaidh sibh torthaí ar son mo mhuintire, Iosrael, a fhillfidh go luath.


Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.


“Beidh seilbh ag lucht an Neigib ar Shliabh Éasau, agus ag lucht na nÍsleán ar thír na bhFilistíneach; beidh seilbh acu ar thír Eafráim, agus ar thír na Samáire, agus beidh seilbh ag Biniáimin ar Ghileád,


Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir, áit a chuirfear faoi fhíniúna. Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann nó go nochtfar an bhunsraith.


Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu. Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.


An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.’ ”


An bhfuil aon duine anseo a bhfuil fíonghort plandáilte aige, ach gan sásamh bainte fós aige as a thoradh? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhainfeadh sásamh as a thoradh.


Pós bean agus luífidh duine eile léi; tóg teach agus ní dhéanfaidh tú cónaí ann; plandaigh fíonghort agus ní chruinneoidh tú a thorthaí.


D'fhreagair Dáiví an sagart: “Bí deimhin de go bhfuil mná coiscthe orainn faoi mar a bhíonn i gcónaí nuair a théim ar eachtra; tá a gcuid coinnithe naofa ag mo shaighdiúirí. Cé gur aistear coiteann é seo, tá a gcuid naofa inniu go cinnte.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí