Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 29:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Óir is mar seo a deir an Tiarna faoin rí a shuíonn anois ar ríchathaoir Dháiví agus faoi na daoine eile a chónaíonn sa chathair seo, bhur ndeartháireacha nach ndeachaigh amach libh i mbraighdeanas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Bíodh a fhios aguibh gur marso a deir an TIGHEARNA ris an rígh shuighios ar chathaóir Dháibhi, agus ris na huile dhaóinibh áitreabhus annsa chathruighsi, agus re bhur ndearbhráithribh nach deachuidh amach libh a mbraighdionas;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 29:16
11 Tagairtí Cros  

Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim.


Bhí fígí maithe i gcliabh amháin díobh, cosúil leis na fígí a bhíonn aibí i dtús; sa chliabh eile bhí fígí an olca, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas.


Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.


Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir:


Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí