Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 28:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Oír is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Do chur mé cuing íarruinn ar mhuinéal na gcineadhachso uile, chor go noirfid do Nebuchadnessar rígh na Babilóine; agus foigheonuid dó: agus fós thug mé beathuigh na magha dhó.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 28:14
13 Tagairtí Cros  

An féidir le fear iarann a bhriseadh, iarann ón tír thuaidh, nó cré-umha?


Ordaigh dóibh a rá lena máistri: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Seo a ndéarfaidh sibh le bhur máistrí:


Cibé cine nó ríocht nach ngéillfidh do Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus nach gcromfaidh a muineál faoi chuing rí na Bablóine, smachtóidh mise an cine sin leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá - a deir an Tiarna - go dtuga mé ina láimh é.


Féach, scaoilim thú inniu ó na slabhraí atá ar do láimh. Más maith leat teacht liom don Bhablóin, tair; tabharfaidh mise aire duit. Mura maith leat teacht liom don Bhablóin, is cuma. Féach, tá an tír uile romhat, cibé áit is maith leat dul, téirigh ann.


Tá mo chionta ceangailte ina gcuing; fíodh le chéile iad ina lámhasan agus ardaíodh iad ar mo mhuineál; eisean ba chúis le lagú mo nirt; thug an Tiarna ar láimh dóibh mé sa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.


Budóg dhea-riata ba ea Eafráim, ar bhreá léi bheith ag bualadh arbhair; mise a chuir cuing ar a muineál álainn. Is ea, ghléas mé Eafráim chun treafa, agus Iacób chun fuirste.


ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú.


ach maidir libhse, rug an Tiarna leis amach ón bhfoirnéis iarainn sibh, as an Éigipt, le bheith ina phobal aige féin, féin, rud atá sibh fós inniu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí