Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 22:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 An pota briste, beagmhaitheasach é, an fear seo Coiniá, an soitheach é gan dúil ag aon duine ann? Cad chuige ar teilgeadh amach iad, é féin agus a shliocht, ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 An é an fearso Coniah an tiodhal briste tarcuisneach? an soitheach gan dúil ar bith ann é? cred as ar teilgeadh amach íad, é féin agus a shliocht, agus ar teilgeadh íad don tír nach aithnid dóibh?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 22:28
20 Tagairtí Cros  

D'fhág na Filistínigh a n‑íola ansiúd agus thug Dáiví agus a chuid fear leo iad.


Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. D'imigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é.


Rinne ábhar aithise díom do mo naimhde go léir. Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé: is cúis uamhain mé do mo chairde. An dream a chastar sa tsráid orm, teitheann siad uaim.


Má théim amach faoin tuath, féach na mairbh sínte leis an gclaíomh! Má théim isteach sa chathair, feicim an dream atá tinn le hocras; fiú na fáithe agus na sagairt, treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”


Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!


Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n‑aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa.


Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit; tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde óir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách, i dtír nach aithnid duit.”


Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”


Is mar seo a deir an Tiarna “Scríobhaigí an fear seo faoin teideal: gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta, óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht suí i ríchathaoir Dháiví, ná rialú arís in Iúdá.”


Thaispeáin an Tiarna fís dom: bhí dhá chliabh fígí curtha os comhair Theampall an Tiarna amach. Tharla sé seo tar éis Nabúcadnazar, rí na Bablóine, a bhreith Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, leis i láimh as Iarúsailéim, agus uaisle uile Iúdá, in éineacht leis na gaibhne agus na ceardaithe, agus iad a bhreith don Bhablóin.


na cinn nár rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis nuair a rug sé Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, i láimh leis ó Iarúsailéim don Bhablóin mar aon le maithe uile Iúdá agus Iarúsailéim.


Rinneadh rí de Zidicíá mac Iahóiácaím i ndiaidh Choiniá mac Ióisíá; rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine, rí de i dtír Iúdá.


Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.


Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)


Tá Iosrael féin slogtha siar! Siúd i measc na náisiún iad anois amhail soitheach gan mhaith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí