Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 22:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 “Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh, tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall, óir do scriosadh d'aos grá uile!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 ¶ Imthigh súas go Lebanon, agus éigh; agus tóig súas do ghúth ann Básan, agus comhairc ó na slighthibh: óir do scriosadh háos grádha uile.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 22:20
22 Tagairtí Cros  

Níor fhág rí na hÉigipte a thír féin arís mar bhí gach dúiche a bhain le rí na hÉigipte ó ghleann na hÉigipte go habhainn an Eofrataes gafa ag rí na Bablóine.


Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú! Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t‑iomlán acu, siabfaidh anáil ar shiúl iad. Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht, agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.


Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga, go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart. Ach dúirt tú: ‘Nach cuma? Óir táim i ngrá le strainséirí agus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’


Nach guagach a thugann tú faoi mhalairt chúrsa! Ach cuirfear as do dhóchas thú ag an Éigipt díreach faoi mar cuireadh thú as do dhóchas ag an Asaír.


Beidh ort imeacht as an áit sin freisin agus do lámha ar do chloigeann agat, mar tá fir do dhóchais caite uaidh ag an Tiarna, agus ní dhéanfaidh tú biseach leo.”


Séidfidh an ghaoth do thréadaithe uile go malairt féaraigh; rachaidh d'aos grá i mbraighdeanas. Go deimhin féadann náire agus ceann faoi a bheith ort anois ag smaoineamh duit ar do chionta uile.


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: “Má scarann fear lena bhean agus go n‑imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.


Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d'aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.


Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán; ach chlis siad go léir orm; mo shagairt agus mo sheanóirí uile, díothaíodh iadsan sa chathair, nuair a bhí siad ag cuardach bia chun iad féin a neartú arís.


Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche; bíonn a gruanna báite le caisí deor; níl aon sólásaí ar bith aici i measc a cuid leannán; d'fheall a cairde go léir uirthi; is naimhde di iad anois.


“Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i d'éadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh,


Uime sin, thug mé suas i lámha a leannán í, i lámha na nAsaíreach a ndearna sí suirí leo.


As daracha Bháiseán a rinne siad do rámhaí. Chuir siad do bhord le chéile le péine as Insí na Mara, agus é maisithe le heabhar.


Dúirt an Tiarna le Maois: “Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael.


“Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí