Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Ióna 1:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ansin thóg siad Ióna suas agus chaith siad isteach san fharraige é. Ar an toirt suaimhníodh fraoch na farraige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Marsin do thógbhadar Iónah súas, agus do theilgeadar amach san bhfairge é: agus do scuir a nfairge do chonfadh.

Féach an chaibidil Cóip




Ióna 1:15
10 Tagairtí Cros  

Agus rinne siad cnámha Shóil, agus cnámha a mhic Iónátán [agus cnámha na muintire a crochadh], a chur i gcríocha Bhiniáimin i Zéalá, i dtuama a athar, Cís. Rinne siad gach ar ordaigh an rí, agus ansin thug Dia cluas dá n‑achainíocha ar son na tíre.


Chiúnaigh sé an t‑anfa is an doineann; agus chuir tonnta na mara ina dtost.


Daingníonn tú na sléibhte le do neart ar do chrioslú le cumhacht.


A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat? Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.


Cá bhfios ná go ndéanfadh Dia athchomhairle agus go dtiocfadh aithreachas air agus go n‑imeodh an fhearg de agus nach gcaillfí sinne?”


Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.


Agus tháinig siad chuige á mhúscailt, ag rá: “A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí