Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Hóisé 9:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan, agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ar son Ephraim, eitilfidh a nglóir úatha amhuil éun, ón bhreith, agus ón bhroinn, agus ón gheineamhuin.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 9:11
18 Tagairtí Cros  

Thug sé Eafráim ar an dara mac; “mar,” ar sé, “chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.”


Craobh thorthúil é Iósaef, craobh thorthúil le hais an tobair, agus a géascaí ag síneadh thar an mballa.


Go lá a báis bhí Míceal iníon Shóil gan chlann.


Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh, Agus lasair a thine a dhul in éag.


Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána, go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.


Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.


Tá Eafráim ag dul a dhúnphort a chailliúint, agus an Damaisc a réimeas; caithfear le fuílleach Arám mar a chaithfear le glóir chlann Iosrael. Briathar Thiarna na Slua.


Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.


Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i m'aghaidh; malartóidh mise a nglóir ar an náire.


Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe. I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinne a bhfuilim cinnte dearfa di.


Tabhair dóibh, a Thiarna, cibé rud is mian leat; tabhair dóibh broinnte a bhéarfaidh go hanabaí agus cíocha seasca.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin,


Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’


Beidh mallacht ar thoradh do choirp, ar thoradh d'ithreach, ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad.


ceilfidh sí orthu slánú a broinne idir a cosa agus an mac a bhéarfaidh sí, ach is d'fhonn iad a ithe; óir beidh ganntanas uafásach ann le linn an léigir agus san anró a chuirfidh do naimhde ort i do bhailte go léir.


Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir. Adharca daimh allta a adharca agus leosan sánn sé na pobail go léir go himill an domhain. Is mar sin leis na mílte ar mhílte d'Eafráim, is mar sin le mílte Mhanaise.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí