Hóisé 5:6 - An Bíobla Naofa 19816 Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna, ach ní bhfaighidh siad é; is amhlaidh atá sé imithe uathu. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)6 ¶ Imeochuid síad le na ttréaduibh agus le na nealbhuibh díarruidh an TIGHEARNA; acht ní bhfuighid síad é; do tharruing sé é féin úatha. Féach an chaibidil |
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.