Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Hóisé 4:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí, agus dónn siad túis ar na beanna faoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint, mar gur taitneamhach a scáth. Is dá dheasca sin a théann bhur n‑iníonacha le striapachas, agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Iodhbruid síad air mhúlluighibh na slíabh, agus loisgid túis air na cnocaibh, fáoi dhairghibh agus phoblar agus shleamhán, do bhrígh gur mhaith a scáithsin: uimesin do dhéanuid bhur ninghiona stríopachus, agus do dhéanuid bhur mná pósta adhaltranas.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 4:13
20 Tagairtí Cros  

Tharla sin de bhrí gur pheacaigh clann Iosrael in aghaidh an Tiarna a nDia, a thug slán amach iad as críocha na hÉigipte, ó smacht Fhorainn, rí na hÉigipte. Thug siad adhradh do dhéithe eile,


Leag sé tithe na striapacha naofa fir a bhí i dTeampall an Tiarna mar a mbíodh na mná ag fí brat d'Aiséará.


Sea, beidh náire oraibh de bharr na gcrann teiribinte a bhfuil bhur sólás iontu, agus beidh ceann faoi oraibh de bharr na ngairdíní a chuireann cluain oraibh.


Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte, faoi gach crann glas ag íobairt páistí sna haltáin sléibhe, i scealpacha na gcarraig!


Ar shliabh mór ard atá do leaba cóirithe agat. Is ann freisin a chuaigh tú suas a dhéanamh do chuid íobairtí.


Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.


Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.


Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?


trí mise a bhrostú chun feirge le hoibreacha bhur lámha féin, ag loscadh túise do dhéithe eachtrannacha i dtír na hÉigipte, áit ar tháinig sibh a chónaí, do bhur mbascadh féin, le go mbeadh sibh mar mhallú agus mar cheap magaidh i measc ciníocha an domhain?


Ghlac tú de d'éadach agus chóirigh tú áiteanna arda le dathanna éagsúla de agus ba ansin a mheirdrigh tú; a leithéid ní raibh riamh agus ní bheidh arís.


Thóg tú d'ardionad ag ceann gach sráide, ag truailliú do scéimhe agus ag méadú do striapachais trí bheith do do thairiscint féin do gach duine a théadh an bealach.


Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n‑íol timpeall a n‑altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n‑íola uile.


Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”


Ach dá mhéad dá nglaoití orthu, is amhlaidh is faide a d'éalaídís [uaim]; d'ofrálaidís íobairtí do na Bálaím, agus dhóidís túis i láthair íol.


Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán, lena féilte agus lena réanna nua, lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir


Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: “Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d'fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí