Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 11:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Tiocfaidh siad ón Éigipt mar ealta éan, agus ó chríocha na hAsaíre mar scata colm, agus treoróidh mé abhaile iad chun a dtithe féin - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Criothnochuid síad amhuil éun as an Négipt, agus amhuil colum as tír na Hassíria: agus suidheocha misi iona ttighthibh íad, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 11:11
17 Tagairtí Cros  

Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.


Cé hiad siúd ag seoladh leo ar nós na néalta, mar a bheadh colúir ag filleadh ar a gcró?


Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó.


Tabharfaidh crainn na tuaithe a dtoradh agus an talamh a biseach, agus beidh siad gan bhaol ar a bhfód dúchais. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a scaoilfidh mé ceangal a gcuinge agus iad a fhuascailt ó lucht a ndaoirse.


Ní bheidh siad ina gcreach níos mó ag na ciníocha; ní bheidh siad á n‑alpadh ag ainmhithe allta na tíre. Cónóidh siad gan bhaol agus ní bheidh aon duine ina chúis imní acu choíche.


abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, glacfaidh mé chugam clann Iosrael ó na ciníocha mar a ndeachaigh siad. Baileoidh mé le chéile iad ó gach taobh agus seolfaidh mé abhaile iad chun a dtíre féin.


Cuirfidh siad fúthu mar ar chuir bhur n‑aithreacha fúthu, sa tír a thug mé do mo sheirbhíseach, Iacób. Cónóidh siad ansin go brách, iad féin, a gclann agus clann a gclainne. Beidh mo sheirbhíseach, Dáiví, ina rí orthu go brách.


Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).


Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.


Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán, agus beidh siad naofa; agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.


Tabharfaidh mé abhaile ón Éigipt iad agus cruinneoidh mé iad ón Asaír. Seolfaidh mé isteach i nGileád agus sa Liobáin iad, agus fiú amháin ansin ní bhfaighfear slí go leor dóibh.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sábhálfaidh mé mo phobal ón domhan thoir agus ón domhan thiar.


Tabharfaidh mé ar ais iad chun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan go dílis agus go cóir.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí