Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Hag 2:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 “Déanaigí machnamh anois ar a dtarlóidh ón lá seo amach. Sular cuireadh cloch ar mhuin cloiche i dTeampall an Tiarna cén bhail a bhí oraibhse?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus anois íarruim dathchuinge oruibh, measuidh ón ló a niugh agus súas, ó roimhe chloich ar bíoth do chur ar chloich a tteampall an TIGHEARNA:

Féach an chaibidil Cóip




Hag 2:15
14 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí bunchloch shanctóir an Tiarna leagtha ag na saoir, tháinig na sagairt in éidí míne lín le stoic, agus na Léivítigh, clann Ásáf, le ciombail, d'fhonn an Tiarna a mholadh de réir reachtanna Dháiví rí Iosrael.


Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse.


Tabharfaidh an t‑eagnaí na nithe seo dá aire; agus beidh tuiscint aige ar bhuanghrá an Tiarna.


Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.


Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.


Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.


Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann.


Déanaigí machnamh ar a dtarlóidh ón lá inniu amach (ón gceathrú lá is fiche den naoú mí, ón lá ar leagadh síos bunsraith Theampall an Tiarna), déanaigí machnamh


Óir, roimh na laethanta seo ní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí, agus, mar gheall ar a chuid naimhde, ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuine agus é ag dul i mbun a ghnó; mar bhí mé tar éis an uile dhuine a chur in aghaidh a chomharsan.


Ach anois ní chaithfidh mé le hiarmhar an phobail seo faoi mar a chaith mé leo tráth,” a deir Tiarna na Slua.


Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd.


Dá mbreithneoimis sinn féin ní bheadh breith á tabhairt orainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí