Hag 2:14 - An Bíobla Naofa 198114 Mar fhreagra air sin dúirt Hagaí: “Is é an dála céanna ag an bpobal seo é agus is é an dála céanna ag an náisiún seo é i mo láthairse, a deir Tiarna na Slua, agus is é an dála céanna ag saothar uile a lámh é agus is neamhghlan freisin cibé ofrálacha a dhéanann siad anseo. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Annsin do fhreagair Haggai, agus a dubhairt sé, Is marsin atá an pobalso, agus is marsin atá an cineadhso dom latbairsi, a deir an TIGHEARNA; agus is marsin atá mle obair a lámh; agus an ní ofráluid annsin is neamhglan é. Féach an chaibidil |
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.