Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 9:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n‑aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Ach ghlac Barnabas é, gur thug leis chuig na haspail é, agus gur dhearbhaigh dóibh conas a chonaic sé an Tiarna ar an tsli, agus faoin gcaint a labhair sé leis, agus cad é chomh neamh-eaglach agus a rinne sé seanmóireacht sa Damaisc in ainm Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Acht rug Barnabas leis é, agus threoruigh sé chuig na h-Abstail é: agus d’innis sé dóibh mar a chonnaic sé an Tighearna ar an tslighe, agus gur labhair sé leis, agus mar a labhair sé féin go misneamhail i n-ainm Íosa san Damaisc.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Acht do ghlac Barnabas chuige é, agus thug sé chum na n‐abstal é, agus d’innis sé dhóibh cionnas do chonnaic sé an Tighearna san tslighe, agus gur labhair sé leis, agus cionnas mar labhair sé i nDamascus i n‐ainm Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Achd ar na ghabháil chuige do Bharnabás, rug sé gus na habsdalaibh é, agus dfoillsigh sé dhóibh cionnus do chonnairc sé an Tighearna sa tslighe, agus gur labhaír sé ris, agus cionnas do labhair sé go dána a Ndamascus a nainm Iósa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Ach do thóg Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h-Aspoil é agus d’inis sé dhóibh conus mar a chonnaic sé an Tighearna ar an slígh agus gur labhair sé leis, agus conus mar a dhein sé obhair chalma i n-ainim Íosa, i nDamascus.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 9:27
20 Tagairtí Cros  

Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch.


D'imigh Barnabas go Tarsas ag lorg Shóil,


Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d'fhill Barnabas agus Sól [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo.


Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”


Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.


Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.


Agus anois, a Thiarna, tabhair do d'aire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána.


Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef - Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”.


D'imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé - an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo - chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.”


Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siadsan iarracht ar é a mharú


Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.


An ormsa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas?


Agus ghabh an chuid eile de na Giúdaigh páirt leis sa chlaidhreacht i dtreo gur baineadh Barnabas féin dá threoir lena gcuid fimínteachta.


Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí