Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 9:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Agus tar éis dó rud a ithe tháinig a neart arís ann. D'fhan Sól ar feadh tamaill leis na deisceabail i nDamaisc.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 agus chaith sé bia agus neartaíodh leis. Chaith sé dornán laethanta i gcuideachta na ndeisceabal a bhí sa Damaisc.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus nuair a bhí biadh glactha aige, tháinic a neart chuige. Agus bhí sé suim laethe i bhfochair na ndeisciobal a bhí san Damaisc.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 agus do ghlac sé biadh agus fuair sé neart. Agus d’fhan sé roinnt laethe i bhfochair na ndeisceabal do bhí i nDamascus.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus do chaith bíadh, agus do neartuigheadh é. Agus do bhí Saul láethe áirighe a bhfochair na ndeisciobal do bhí a Ndamáscus.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus chaith sé bia agus tháinig neart dó. Agus d’fhan sé raint laethanta i bhfochair na ndeisgiobul a bhí i nDamascus.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 9:19
11 Tagairtí Cros  

Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.


agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh Críostaithe ar na deisceabail.


Mar sin de, bheartaigh na deisceabail - gach duine acu de réir a ghustail - ar chabhair airgid a chur chun na mbráithre a bhí ina gcónaí in Iúdáia.


ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d'fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.


Agus de phreib thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é.


Ar theacht dó go Iarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é.


Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.


ná ní dheachaigh mé suas go Iarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n‑aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin.


Thugadar blúire de cháca figí dó agus dhá chrobhaing rísíní; d'ith sé an méid sin agus tháinig misneach arís chuige mar ní raibh greim aráin ná deoch uisce caite aige le trí lá agus trí oíche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí