Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 9:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 agus anseo féin tá údarás aige ó na hardsagairt gach duine dá nglaonn ar d'ainmse a ghabháil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 agus tá údarás aige anseo ó na hardsagairt chun gach duine dá ngaireann ar dʼainm anseo a cheangal.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus tá ughdarás annseo aige ó uachtaráin na sagart ceangal a chur ar gach aoinneach a ghlaodhas ar d’ainm.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 agus atá ughdarás aige annso ó uachtaránaibh na sagart chum na daoine ghlaodhas ar t’ainm do ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus atá cúmhachda aige ann so ó na hárdsagartaibh na huile dháoine cheangal ghuidheas hainmse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus tá úghdarás anso aige ó uachtaránaibh na sagart chun na ndaoine a ghlaodhann ar t’ainimse do ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 9:14
8 Tagairtí Cros  

Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m'ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.


Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.’ ”


Fad a bhí siad á chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard á rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat m'anam.”


Tháinig alltacht ar a raibh ag éisteacht leis agus deiridís: “Nach é sin an duine a rinne scrios in Iarúsailéim ar a mbíodh ag glaoch ar an ainm sin? Nach é gnó a thug anseo é iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go dtí na hardsagairt?”


chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:


Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí