Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 9:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Bhí, i nDamaisc, deisceabal darbh ainm Anainias agus labhair an Tiarna in aisling leis: “A Anainias,” ar sé. “Teacht, a Thiarna,” d'fhreagair Anainias.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Anois bhí deisceabal sa Damaisc a raibh Ananias mar ainm air. Dúirt an Tiarna leis in aisling, “A Ananias.” Agus ar seisean, “Seo anseo mé, a Thiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus bhí deisciobal áirithe san Damaisc, darbh ainm Ananias: Agus dubhairt an Tighearna leis i bhfís: A Ananíais. Agus dubhairt seisean: Féach, seo mé, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do bhí i nDamascus deisceabal darbh ainm Ananias, agus adubhairt an Tighearna i n‐aisling leis, A Ananias. Agus adubhairt seisean, Atáim annso, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do bhí deisciobal áirighe a Ndamáscus, dar bhainm Ananías; ré a ndubhairt an Tighearna a dtáibhse, A Ananiáis. Agus a dubhairt seision, Féuch, atáim ann so, a Thighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus bhí i nDamascus duine de dheisgiobulaibh an Tighearna agus Ananías ab ainim dó, agus dubhairt an Tighearna leis, i n-aising: A Ananíais! Agus dubhairt seisean: Táim anso, A Thighearna!

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 9:10
23 Tagairtí Cros  

D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.


Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.


Ansin dúirt aingeal Dé liom sa taibhreamh: ‘A Iacóib!’ ‘Anseo dom,’ arsa mise.


Ach má deir sé: ‘Ní gean liom thú,’ seo mé agus déanadh sé liom mar is rogha leis.”


Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor: “A Mhaois, a Mhaois!” “Anseo dom,” ar sé.


Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá: “Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?” D'fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”


Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra: Más fáidh aon duine in bhur measc, Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis; Labhraím leis in aisling.


Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.”


“Bhí mé i gcathair Iopae ag guí,” ar seisean, “nuair a tháinig támhnéal orm, agus chonaic mé in aisling rud mar a bheadh braillín mór á ligean anuas ón spéir leis na ceithre cúinní. Tháinig sé fad liom


Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh á dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí á feiceáil aige.


Ní túisce a chonaic sé an aisling ná chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.


Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: “Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.”


Oíche amháin labhair an Tiarna le Pól in aisling: “Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé. “Lean ort ag seanmóireacht agus ná cuirtear tú i do thost,


‘Tarlóidh sna laethanta deireanacha,’ arsa an Tiarna, ‘go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine, agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht. Feicfidh bhur bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí.


“Bhí fear darbh ainm Anainias, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann,


agus chonaic sé in aisling fear darbh ainm Anainias ag teacht isteach chuige agus ag leagan a lámh air chun go mbeadh a radharc ar ais aige.”


Agus bhí sé ar feadh trí lá gan radharc agus gan greim ná bolgam a bhlas.


i nDamaisc dom bhí ceannfort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil;


ná ní dheachaigh mé suas go Iarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n‑aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin.


Ansin ghlaoigh an Tiarna: “A Shamúéil!” D'fhreagair seisean: “Seo anseo mé,”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí