Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 8:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Ach nuair a chreid siad an dea-scéal ó Philib faoi ríocht Dé agus faoi ainm Íosa Críost, baisteadh iad idir fhir agus mhná.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Ach nuair a chreid siad do Philib, agus é ag seanmóireacht dhea-scéal ríocht Dé agus ainm Íosa Críost, ghlac siad le baiste, idir fhir agus mhná.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Acht nuair a chreid siad Pilip, agus é ag seanmóireacht ar ríoghacht Dé, baisteadh iad eadar fhir agus mná i n-ainm Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Acht nuair do chreideadar Pilib agus é ag craobhscaoileadh i dtaobh ríoghachta Dé agus ainme Íosa Críost, do baisteadh iad, idir fhearaibh agus mhnáibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Achd a nuáir do chreideadar do Philib ag soisgéulughadh na neitheann bheanus ré rioghachd Dé, ague ré hainm Iósa Críosd, do bhaisdeadh íad, eidir fheara agus mhná.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Ach nuair a chreideadar Pilib agus é ag craobhsgaoile i dtaobh rígheachta Dé, do baisteadh iad, idir fhearaibh agus mná, i n-ainim Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 8:12
22 Tagairtí Cros  

Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,


Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n‑easlán.


Dúirt sé leis: “Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé.”


I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.


Ach bhí daoine áirithe orthu - Ciprigh agus Cuiréanaigh ba ea iad - agus nuair a bhain siad Aintíoch amach thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dea-scéal an Tiarna Íosa dóibh.


Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.


Ar chloisteáil an méid sin dóibh, baisteadh in ainm an Tiarna Íosa iad


Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;


An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.


d'fhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa.


“Tá a fhios agam anois nach bhfeicfidh sibhse mo ghnúis níos mó, sibhse go léir ar shiúil mé in bhur measc ag fógairt na ríochta.


Lean sé air ag fógairt ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige á theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air.


agus bhí líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí


Iad sin a scaipeadh, ghluais siad ar fud na tíre ag fógairt an dea-scéil.


Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.


Ina dhiaidh sin agus uile níl an bhean neamhspleách leis an bhfear ná an fear neamhspleách leis an mbean sa Tiarna;


Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.


An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí