Gníomhartha 8:1 - An Bíobla Naofa 19811 Agus thoiligh Sól lena dhúnmharú. An lá sin féin thosaigh géarleanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Agus dʼaontaigh Sáúl lena bhás-san. Ba ar an lá úd a dʼéirigh géarleanúint mhór in aghaidh na heaglaise in Iarúsailéim; agus a ruaigeadh iad ar fud réigiún Iúdaea agus Shamária, amach ó na haspail amháin. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara1 Agus san am sin d’éirigh géirleanamhaint mhór san Eaglais a bhí i n-Ierusalem, agus bhí siad uilig, acht amháin na h-Abstail, scaptha fríd chríocha Iudaia agus na Samáire. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus d’éirigh géir‐leanmhain mhór an lá sin i gcoinnibh na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem; agus do scaipeadh iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Shamária, acht amháin na h‐abstail. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus dáontaigh Saul chum a bhásaighe. Agus déirigh sa ló sin gérleanmhuin mhór a naghaidh na heagluise a Níarusalém; agus do bhádar uile ar na sgaradh feadh réigion thíre Iúdaighe agus na Samária, achd amháin na habsdail. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)1 Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil. Féach an chaibidil |