Gníomhartha 7:8 - An Bíobla Naofa 19818 “Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le Iacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)8 Agus thug sé dó cúnant an timpeallghearrtha. Mar sin ghin sé Íosóg agus thimpeall-ghearr sé é an t‑ochtú lá; agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób an dáréag uasalaithreacha. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara8 Agus thug sé connradh an timcheallgheárrtha dó: agus mar sin ghein sé Isaac, agus rinne sé a thimcheallghearradh ar an ochtmhadh lá: agus ghein Isaac Iacób: agus Iacób an dáréag árdaithreach. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)8 Agus thug sé dhó connradh an timcheall‐gearrtha: agus mar sin do ghein sé Íosóg, agus do thimcheall‐ghearr sé é an t‐ochtmhadh lá; agus do ghein Íosóg Iácób, agus do ghein Iácób an dá phaitriárcha déag. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Tug sé dhó mar an gcéadna connradh an timchillghearradh: agus is mar sin do ghin Abraham Isaac, agus do thimchillghearr sé é an tochdmhádh lá; agus do ghein Isaac Iácob; agus Iácob an dá phátriárc dhéug. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)8 Agus thug sé dhó connradh an tímpallghearradh, agus mas sin de ghein sé Isaac agus do dhein sé an tímpallghearradh air an t-ochtmhadh lá, agus Isáac Iácób, agus Iácchbh an dáréag pátriárc. Féach an chaibidil |