Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 7:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Nuair a chonaic sé éagóir á dhéanamh ar dhuine acu, chuaigh sé á chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Agus nuair a chonaic sé an éagóir a rinneadh ar dhuine acu, chosain sé an té a ndearnadh an t‑ansmacht air ag bualadh buille ar an Éigipteach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Agus nuair a chonnaic sé duine áirithe ag fuilstin éagcóra, chosain sé é: agus ag bualadh an Éigiptigh dó, bhain sé díoghaltas amach ar son an té a d’fhulaing an éagcóir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus nuair chonnaic sé duine aca agus éagcóir d’á déanamh air, do chosain sé é, agus do‐rinne sé díoghaltas ar son an té go ndearnadh an éagcóir air, ag bualadh an Éigiptigh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus ar bhfaicsin duine áirighe ag fulang éugcóra, do chosain sé é, agus ar mbúaladh a Néigiptaigh dhó, do rinne sé dioghaltas air son an tí ar a ndearnadh a néugcóir:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus chonnaic sé éagcóir ’á dhéanamh an dhuine acu agus do chosain sé é, agus dhein sé díoltas ar son an t-é gur deineadh an éagcóir air, mar do bhuail sé an t-Éigipteach.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 7:24
7 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir.


D'fhéach sé anseo agus ansiúd agus nuair nach bhfaca sé aon duine, mharaigh sé an tÉigipteach agus chuir a chorp i bhfolach sa ghaineamh.


“Bhí sé ag tarraingt ar an daichead nuair a bhuail an smaoineamh é dul ag fiosrú a mhuintire féin, clann Iosrael.


Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur á bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig.


An mé a mharú is áil leat mar a mharaigh tú an tÉigipteach úd inné?’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí