Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 5:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 “Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras coiscéimeanna na ndaoine atá tar éis d'fhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Ach dúirt Peadar léi, “Cad chuige a ndeachaigh sibh i gcomhar le chéile le cathú a chur ar Spiorad an Tiarna? Bʼshiúd cosa lucht adhlactha dʼfhir chéile ina seasamh sa doras, agus beidh siad do dʼiompar amach freisin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus dubhairt Peadar léi: Cad chuige ar shocruigh sibh eadraibh féacháil a chur ar Spiorad an Tighearna? Féach, tá cosa na ndaoine a rinne d’fhear a adhlacadh ag an doras, agus bhéarfaidh siad amach thusa.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Annsin adubhairt Peadar léi, Caidé thug oraibh, beirt, fromhadh do thabhairt ar Spiorad an Tighearna? féach, atá cosa na ndaoine d’adhlaic t’fhear ag an doras, agus tógfaidh siad thusa amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ann sin a dubhairt Peadar ría, Créud fár chomháontuigh sibh cathughadh do chur ar Spioruid an Tighearna? féuch, atáid cosa na muinntire dadhluic thfear ag an doras, agus béuruid síad thúsa ríu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Dubhairt Peadar léi: Cad a bhain daoibh gur dheineabhair fromhadh ar Spioraid an Tighearna? Siniad ag an ndorus cosa na ndaoine atá tar éis t’fhir a chur, agus béarfaid siad tusa amach.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 5:9
24 Tagairtí Cros  

Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m'athar dúirt mé léi: ‘Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.’ ”


Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: “An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?”


Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leis agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.


Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta.


Agus chrom an pobal ar chasaoid le Maois: “Tabhair dúinn uisce le hól!” a deiridís. D'fhreagair Maois: “Cad a b'áil libh ag casaoid liom? Cad ab áil libh ag promhadh an Tiarna?”


Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: “An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”


Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.


Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach, bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.


Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.


an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór


Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”


Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’


Más ea, cad ab áil libhse bheith ag tabhairt dúshláin faoi Dhia anois agus cuing a chur ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár sinsir a iompar?


Ansin d'éirigh na hógánaigh ina seasamh, chóirigh siad an corp, d'iompair amach é agus rinne é a adhlacadh.


Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”


Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.


Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí