Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 4:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Bhí Annas ardsagart ann, agus Cáiafas agus Eoin agus Alastar agus iad siúd a bhain leis an sliocht ardsagartúil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 agus Annas an t‑ardsagart agus Caiafas agus Eoin agus Alastair, agus an dream uile a raibh fuil na n‑ardsagart iontu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus Annas, an t-árdshagart, agus Caiphas, agus Eoin, agus Alastar, agus an méid a bhí de chineadh na sagart.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 agus Annas árd‐shagart, agus Cáiafas, agus Eoin, agus Alecsander, agus gach ar bhain le teaghlach an árd‐shagairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus Annas an tárdsagurt, agus Cáiaphas, agus Eóin, agus Ailecsandar, agus gach a raibh do chineul na nárdsagart, a bhfochair a chéile a Níarusalém.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus Annas an t-árdshagart, agus Caiphas, agus Eóin, agus Alecsandar, agus gach ar bhain le treibh na sagart.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 4:6
7 Tagairtí Cros  

San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,


faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach.


Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ardsagart na bliana sin, dúirt sé leo: “Ní fios daoibh rud ar bith,


Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t‑ardsagart.


Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”


Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t‑ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín - is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael - agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí