Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 3:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Leis sin rug sé ar láimh dheas air agus thóg aníos é. Ar an mball tháinig lúth sna cosa agus sna hailt aige,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus rug sé ar a láimh dheas, agus thóg sé den talamh é; agus neartaíodh ar an toirt lena bhíonn agus le cnámha a mhurnán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus ag breith greim láimhe deise air dó, thóg sé suas é, agus ar an bhomaite neartuigheadh a chosa, agus a bhonnaí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus rug sé ar a láimh dheis air, agus thóg sé suas é, agus ar an láthair do chruadhuigh troighthe a chos agus a rúitíní.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus ar mbreith air a láimh dheis dó, do thóg sé súas é: Agus ar an mball do neartuigheadh mugharnaigh agus bonnaidhe a chos.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do rug sé ar láimh dheis air agus thóg sé suas é, agus do chruadar a throighthe agus a bhuinn láithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 3:7
9 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.


Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm” - focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!”


Ach rug Íosa ar láimh air agus thóg sé suas é, agus d'éirigh sé ina sheasamh.


agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.


Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”


léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé.


“Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d'áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.


más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é,


Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí