Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 3:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 agus nuair a d'aithin siad gurbh é an fear a bhíodh ina shuí ag Geata Álainn an Teampaill é, ghabh ionadh agus alltacht iad faoinar tharla dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 agus dʼaithin siad gurbh é a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce ag an nGeata Álainn; agus líonadh iad dʼiontas agus dʼalltacht faoinar tharla dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus d’aithin siad é, gurbh é a bhíodh ina shuidhe ag iarraidh déirce ag geafta Áluinn an teampaill: agus líonadh le h-uathbhás agus iongantas iad fá’n nídh a thárla dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 agus d’aithnigheadar é, gurbh é an duine céadna é do bhíodh ’n‐a shuidhe ag an nGeata Áluinn ag iarraidh déirce: agus bhí árd‐iongnadh agus alltacht ortha i dtaobh ar éirigh dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus daithneadar é gur ab é do bhíodh ag íarruidh déirce na shuidhe ag geata Bréagh an teampuill: agus do lionadh íad diongantas agus dúathbhás fá a ní sin thárla dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus d’aithníghdar é, gur bh’é an fear é a bhíodh ’n-a shuidhe ag geata áluinn an teampuil ag lorg na déarca, agus bhíodar lán d’iongna agus d’alltacht i dtaobh ar thárla dhó.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 3:10
12 Tagairtí Cros  

Nuair a d'aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,


Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”


Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail:


Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.


D'fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.


Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.”


Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: “Cad is ciall leis seo?”


Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint?


agus bhí fear á iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí