Gníomhartha 26:7 - An Bíobla Naofa 19817 Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d'oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 a bhfuil dóchas ag ár dhá dtreibh déag lena fháil, agus iad ag adhradh Dé go dúthrachtach oíche agus lá. Agus is i dtaobh an dóchais sin atáthar do mo chúiseamh, a Rí! Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara7 Agus tá súil ag ár ndá threibh dhéag leis, agus iad ag déanamh seirbhíse lá agus oidhche. Agus is fá’n dóchas sin, a rí, atá na h-Iúdaigh ag cur i mo leith. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 go bhfuil ár ndá threibh déag ag súil leis, ag déanamh seirbhíse do Dhia go dúthrachtach, de ló agus d’oidhche. Agus is i dtaobh an dóchais seo, a rí, go bhfuil na h‐Iúdaigh ’gam’ chionntú! Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Ré a bhfuil súil ag ar nda threibh dhéugne, ag déanamh seirbhíse do Dhía do ló agus dóidhche go gnáthach. Is do tháobh an dóthchais sin, a rí Agrippa, eilighid na Iúdaighe misi. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)7 An gheallamhaint sin go bhfuil an dá threibh déag againn, atá ann, ag déanamh réir Dé do ló agus d’oidhche, ag brath ar í dh’fhagáil. Isí an mhainighin sin atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith-se, a rí. Féach an chaibidil |
Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d'fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d'fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t‑iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.