Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 26:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 “Sin é an gnó a bhí do mo thabhairt go Damaisc le cead agus le húdarás na n‑ardsagart

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 “Mar sin bhí mé ar mʼaistear go dtí an Damaisc le barántas agus údarás na n‑ardsagart.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Le n-a linn sin nuair a bhí mé ag dul chun na Damaisce le h-ughdarás agus le cead ó uachtaráin na sagart,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Ag dul fá dhéin Damascuis dom ar an intinn sin le h‐ughdarás agus le barántas na n‐árd‐shagart,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Fá a namsin ar mbeith dhamh fós ag dul go Damascus lé cúmhachdaibh agus lé barántus na nárdsagurt,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus bhíos ag dul go Damascus ar an inntinn sin agus úghdarás agus cead agam ó uachtaránaibh na sagart,

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 26:12
12 Tagairtí Cros  

Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,


Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d'ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: “Go deimhin cuirfear chun báis thú.


Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil.


Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís á gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne.


nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois.


Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí