Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 24:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Tar éis cúig lá tháinig an t‑ardsagart Anainias anuas go Céasaráia, é féin agus cuid de na seanóirí agus abhcóide darbh ainm Teartullas agus thug siad faisnéis don ghobharnóir in aghaidh Phóil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus nuair a chuaigh cúig lá thart tháinig an t-ardsagart anuas é féin agus seanóirí áirithe agus duine darbh ainm Tertullus le labhairt thar a gceann. Chúisigh siad Pól os comhair an uachtaráin;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus i gcionn chúig lá tháinic uachtarán na sagart, Ananías, anuas, mar aon le cuid de na seanóirí, agus le h-óráididhe áirithe, darbh ainm Tertullus, agus chuaidh siad chuig an uachtarán i n-aghaidh Phóil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus i gcionn cúig lá ’n‐a dhiaidh sin tháinig an t‐árd‐shagart Ananias anuas mar aon le cuid de na seanóiribh, agus le cainnteoir darbh ainm Tertullius; agus do chuireadar an chúis: gcoinnibh Phóil i dtuigsin do’n árd‐riaghlóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a gcionn chúig lá na dhiáigh sin tháinig Ananias an tárdsagurt a núas maille ris na sinnsearuibh, agus ré Tertullus fear deagh labhartha áirighe, noch do fhoillsigh íad féin a bhfiadhnuisi a núachdaráin a naghuidh Phóil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan, i gcionn chúig lá, tháinig uachtarán na sagart, Ananías, anuas agur cuid de sna seanóiríbh, agur cainnteóir dár bh’ainim Tertullus, agus chuadar i láthair an ghobhernóra i gcoinnibh Phóil.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 24:1
15 Tagairtí Cros  

Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha; táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang, á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht.


ceann feadhna, ceannasaí, comhairleoir, draoi agus ceard.


An lá a bhí ceaptha dó bhí Héaród cóirithe ina éide rí, shuigh sé faoi ar an suí breithimh agus thug óráid dóibh.


Bhí an seacht lá chóir a bheith críochnaithe nuair a chonaic na Giúdaigh ón Áise sa Teampall é. Thóg siad callán i measc an tslua go léir agus ghreamaigh siad Pól


Leis sin d'ordaigh Anainias, an t‑ardsagart, dóibh sin a bhí ina seasamh in aice leis Pól a bhualadh sa bhéal.


Agus bíodh beithígh iompair agaibh ar a gcuirfeadh sibh Pól agus é a thabhairt slán go dtí an Gobharnóir Féilix.”


Ach nuair a cuireadh in iúl dom go bhfuil comhcheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus d'ordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthairse.”


Nuair a shroich siad Céasaráia, sheachaidh siad an litir don ghobharnóir agus thug Pól ar láimh dó chomh maith.


“Éistfidh mé leat ar ball nuair a bheidh lucht do chúisithe anseo.” Agus d'ordaigh sé é a chur faoi choimeád i bpréatóiriam Héaróid.


Is féidir duit a dheimhniú duit féin nach bhfuil ann ach dhá lá dhéag ó chuaigh mé suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh,


Nuair a glaodh isteach ar Phól, thosaigh Teartullas á chiontú mar leanas: “A Fhéilix, ró-oirirc, an tsíocháin bhuan a chuir tú faoi réim dúinn agus na leasuithe atá tugtha isteach le barr críonnachta agat ar mhaithe lenár náisiún,


Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus d'iarr é a dhaoradh.


Rinne na hardsagairt agus ceannairí na nGiúdach a ngearán leis in aghaidh Phóil,


I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna.


Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m'fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí