Gníomhartha 19:32 - An Bíobla Naofa 198132 Bhí duine á scairteadh seo agus duine eile á scairteadh siúd; bhí an cruinniú ina chíréib agus gan a fhios ag an bhformhór cad a thug i gceann a chéile iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)32 Anois bhí gach duine ann ag rá seo agus siúd in ard a chinn; mar ní raibh eagar ar an gcruinniú ná a fhios ag an mórchuid acu cad chuige ar tháinig siad i gceann a chéile. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara32 Agus scairteadh cuid acu rud amháin, agus cuid acu rud eile. Óir bhí an cruinniughadh ina shioplaighe: agus ní raibh a fhios ag an chuid a ba mhó acu cérbh é an fáth fá n-a dtáinic siad i gcionn a chéile. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)32 Do ghlaodh cuid de na daoinibh é seo, agus cuid eile é siúd: óir do bhí an cruinniú i n‐achrann a chéile; gan a fhios bheith ag an gcuid ba mhó aca cad chuige a dtángadar le chéile. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)32 Uime sin do éigh cuid díobh an nísi, agus cuid ní eile: óir do bhí an coimhthionól buaidheartha; agus ní raibh a fhios ag an gcuid na mó dhíobh créd é an tadhbhar fá dtangadar a gceann a chéile. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)32 Do liúigh duine an rud so agus duine eile an rud úd. Is amhlaidh a bhí measgán mearaidhe ar an bpobul agus ní fheidir an chuid ba mhó dhíobh cad a thug ann i n-aon chor iad. Féach an chaibidil |