Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 19:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus d'fhan sé féin tamall eile san Áise.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Agus chuir sé beirt dá thimirí, Timótéus agus Erastas, go dtí an Mhacadóin, agus dʼfhan sé féin san Áise tamall.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus chuir sé beirt acu sin a bhíodh ag freastal air, Timoteus agus Erastus, chun na Maicideoine, agus d’fhan sé féin ar feadh tamaill san Aisia.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus tar a éis dó beirt díobh‐san do bhíodh ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do chur go dtí an Mhaiceadóin, d’fhan sé féin tamall san Áise.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus ar gcur dheisi don mhuinntir do bhíodh ag minisdrálachd dó, eadhon Timotéus agus Erastus don Mhacedonia; dfan sé féin na Násia ar feadh tamuill.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ansan chuir sé beirt d’á lucht frithálmha, Timoteus agus Erastus, go Macedonia agus d’fhan sé féin ar feadh tamaill san Ásia.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 19:22
18 Tagairtí Cros  

Ar shroichint Shalamais dóibh, d'fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.


Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair.


agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Gréagach a athair.


Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost.


Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.


Nuair a bhí an méid sin curtha i gcrích aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus Acháia agus go rachadh sé as sin go Iarúsailéim. “Tar éis dom dul go Iarúsailéim,” ar seisean, “ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.”


Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.


Nuair a mhaolaigh ar an rírá, chuir Pól fios ar na deisceabail agus tar éis comhairle a thabhairt dóibh d'fhág sé slán acu agus d'imigh leis go dtí an Mhacadóin.


Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh.


Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.


is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibhse mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia.


agus fad a bhí mé in bhur measc agus mé ar an ngannchuid, ní raibh mé i mo mhuirear ar dhuine ar bith agaibh mar ba iad na bráithre a tháinig ón Macadóin a choinnigh riar mo cháis liom. Níor lig mé dom féin bheith i m'ualach ar bith oraibh ná ní ligfidh mé amach anseo.


mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m'anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D'fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d'imigh liom go dtí an Mhacadóin.


Ba mhaith liom fios a thabhairt anois daoibh, a bhráithre, ar an ngrásta atá bronnta ag Dia ar eaglaisí na Macadóine.


Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d'fhonn ár ndíograis a thaispeáint.


Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi.


D'fhan Earastas i gCorant agus d'fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí