Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 13:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ach chuir Eilimeas draoi - is ionann a ainm “Eilimeas” agus draoi - ina gcoinne d'fhonn an próchonsal a choimeád ón gcreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach chuir Elimas an t‑asarlaí (mar sin brí a ainm i nGréigis) ina n‑éadan, agus é ag iarraidh an prochonsal a chosc den chreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Acht chuir Elimas, draoi, (óir is mar sin a mhínighthear a ainm) ina n-aghaidh, d’fhonn an t-urchonsul a thionntódh ó’n chreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht Elimas draoi (óir is mar sin mínighthear a ainm), do chuir sé ’n‐a gcoinnibh, ag iarraidh an phróconsúil d’iompódh ó’n gcreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd do chuír Elimas an dráoi, (óir as mar so eidirmhínighthear a ainm,) na naghaidh, ag iarraidh a núachdaráin diompógh on gcreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Ach bhí Elimas, an draoi, (óir is mar sin a mínighthear a ainim) ag cur ’n-a gcoinnibh, a d’iarraidh an próchonsuil d’iompáil ó’n gcreideamh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 13:8
16 Tagairtí Cros  

Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”


fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí; as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”


An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile:


Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias” - is é sín le rá an tUngthach.


Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé.


Le linn do Ghaillión bheith ina phróchonsal ar Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an tsuí breithimh é.


Dá réir sin má tá aon chúis ag Déimitrias agus a chuid ceardaithe ar dhuine ar bith, tá cúirteanna ann agus próchonsail agus cuiridís an dlí ar a chéile ansiúd.


De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.


Bhí sa chathair fear darbh ainm Síomón agus bhí sé roimhe sin ag cur mearbhaill ar mhuintir na Samáire lena chuid draíochta agus é ag maíomh gur duine mór le rá é féin. Gach duine sa chathair idir uasal agus íseal, thug siad cluas dó


Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.


Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n‑aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí