Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 11:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 ‘Nár lige Dia sin, a mháistir,’ arsa mise, ‘mar aon ní mínaofa ná neamhghlan ní dheachaigh i mo bhéalsa riamh.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach dúirt mé féin, ‘Ní dhéan-fáidh mé sin choíche, a Thiarna; mar níor bhlais mé riamh aon bhia salach nó neamhghlan.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Acht dubhairt mé: Ní féidir sin ar chor ar bith, a Thighearna: óir ní dheachaidh dadamh coitcheann ná neamhghlan isteach i mo bhéal ariamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht adubhras‐sa, Ní dhéanfad, a Thighearna: óir ní dheachaidh éinnidh coitcheann ná neamh‐ghlan isteach im’ bhéal‐sa riamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd a dubhairt misi, Ní headh, a Thighearna: óir ní dheachaidh éain ni coítchean nó neamhghlan am bhéul a steach ríamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus dubhart: Ní dhéanfad, a Thighearna, óir níor chuaidh bia coitchian ná bhia neamhghlan am béalsa riamh fós.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 11:8
9 Tagairtí Cros  

Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna, mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipte agus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír.


Bíodh an scéal amhlaidh chomh maith agus sibh ag dealú an naofa ón gcoitianta, an ghlan ón neamhghlan,


chun an glan a idirdhealú ón neamhghlan, an dúil inchaite ón dúil dochaite.”


agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite -


Ansin chuala mé an guth á rá: ‘Éirigh, a Pheadair, maraigh agus ith.’


Labhair an guth ón spéir liom don dara huair: ‘Aon ní atá íonghlanta ag Dia, ná tabhairse rud mínaofa air.’


Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é.


Mar tá an díchreidmheach fir naomhaithe ag an mbean agus tá an díchreidmheach mná naomhaithe ag an mbráthair: mura mbeadh sin bheadh bhur gclann neamhghlan - ach tá siad naofa dáiríre.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí