Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 10:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Lá arna mhárach timpeall meán lae, bhí siad ag cur na slí díobh agus iad ag tarraingt ar an gcathair, nuair a chuaigh Peadar in airde go huachtar an tí ag guí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 An lá arna mhárach, nuair a bhí siad i gcionn a mbealaigh agus iad ag teacht i ndeas don chathair, chuaigh Peadar suas go mullach an tí le bheith ag guí, i dtrátha an séu huair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus lá ar n-a bhárach, nuair a bhí siad-san ar a n-aistear, agus iad ag teacht i n-aice na cathrach, chuaidh Peadar suas ar mhullach an tighe a dhéanamh urnaighe timcheall na seiseadh h-uaire.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus lá ar n‐a bhárach, ag siubhal dóibh‐sean, agus iad ag tarraing ar an gcathair, do chuaidh Peadar suas ar bhárr an tighe, tuairim na sémhadh h‐uaire, chum urnaighe do dhéanamh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus ar ná mharach, ag síubhal dóibhsean, agus ag drud ris an gcathraigh, do chuáidh Peadar súas ar an dtigh do dhéanamh úrnaighe dtimcheall an seaséadh húair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharach, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n-uachtar an tighe chun úrnuighthe dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 10:9
19 Tagairtí Cros  

Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.


Ach glaofaidh mise ar Dhia agus saorfaidh an Tiarna mé.


Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”


Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge.


iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom


Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna.


an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos isteach chun a chuid a bhreith leis,


Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.


Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.


D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.


Tar éis dó iad a chur chun siúil, d'imigh sé faoin sliabh chun guí.


Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.”


Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”


Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.


Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.


Thángadar anuas ón ardionad go dtí an chathair. [Cóiríodh leaba do Shól ar dhíon an tí agus chuaigh sé a chodladh inti.]


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí