Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 10:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 d'aithris dóibh an scéal tríd síos agus chuir chun siúil go Iopae iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 agus dʼinis sé dóibh tríd síos faoinar tharla, agus chuir sé go hIoppa iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus nuair a d’innis sé gach uile nídh dóibh, chuir sé go h-Ioppe iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 agus tar a éis dó gach uile nidh d’innsint dóibh, do chuir sé go h‐Ioppé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus ar bhfoillsinghádh a niomláin dóibh, do chuir sé íad go Híoppá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus d’innis sé dhóibh gach nídh agus chuir sé go Ioppé iad.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 10:8
11 Tagairtí Cros  

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo


Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn - agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.”


Nuair a d'imigh an t‑aingeal a bhí ag caint leis, ghlaoigh sé chuige beirt dá sheirbhísigh agus duine diaganta de na saighdiúirí a bhí faoina réir,


“Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh,


Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.


Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.


Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna.


D'fhan sé in Iopae ar feadh i bhfad fara súdaire darbh ainm Síomón.


nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí