Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 10:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Bhí i gCéasaráia fear darbh ainm Coirnéilias, taoiseach céad ar an gCathlán Iodáileach mar a thugtar air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Bhí fear a raibh Cornélius mar ainm air ina chónaí i gCaesaríá, ceantúir den díorma ar tugadh an Cohórt Iodáileach air,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus bhí fear áirithe i gCaesarea, darbh ainm Cornélius, ceanntúir na buidhne dá ngoirtear an bhuidhean Iodáileach,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Do bhí fear darbh ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuidhin Iodáiligh, mar tugadh uirthi, fear cráibhtheach,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do bhí duine áirighe a Séasárea, dar bhainm Cornélius, caiptín an bhanna dhá ngóirthear an banna Eadáilleach,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ach bhí i gCaesaréa fear n-ar bh’ainim dó Cornélius, taoiseach céad ar an mbuidhin airm ar a dtugtar an Eadáileach,

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 10:1
19 Tagairtí Cros  

Ansin rug saighdiúirí an ghobharnóra Íosa leo isteach sa phréatóiriam, agus chuir siad tionól ar an gcathlán go léir chuige.


An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”


Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile.


Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b'ionúin leis é.


Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal,


Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.


agus bhain sé Céasaráia amach an lá dár gcionn. Bhí Coirnéilias ag feitheamh leis agus é tar éis a ghaolta agus a dhlúthchairde a ghlaoch le chéile.


Bhí siad ag iarraidh Pól a mharú nuair a tháinig scéal chun ceannasaí an díorma go raibh Iarúsailéim ar fad ina círéib.


D'imíomar linn an lá dár gcionn agus shroicheamar Céasaráia. Chuamar isteach i dteach Philib Soiscéalaí, duine den seachtar, agus d'fhanamar aige.


Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: “An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?”


Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéad agus dúirt leo: “Bíodh dhá chéad saighdiúirí ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Céasaráia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádoirí.


Nuair a shroich siad Céasaráia, sheachaidh siad an litir don ghobharnóir agus thug Pól ar láimh dó chomh maith.


Trí lá tar éis do Fhéastas teacht chun an chúige chuaigh sé suas ó Chéasaráia go Iarúsailéim.


Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Céasaráia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann.


Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire.


Labhair Pól leis an taoiseach céad agus leis na saighdiúirí: “Mura bhfanann siadsan ar bord,” ar seisean, “ní féidir daoibhse teacht slán.”


Ach ní cheadódh an taoiseach céad dóibh an beart seo a chur i gcrích mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. D'ordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach san fharraige ar dtús agus dul i dtír


Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó go dtáinig sé go Céasaráia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí