Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Geineasas 26:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Chuir Aibímeilic fios ar Íosác: “Ní foláir nó gurb í do bhean í! Conas mar sin a d'fhéad tú a rá: ‘Is í mo dheirfiúr í’?” “Mar go raibh eagla orm,” arsa Íosác leis, “go marófaí mé ar a son.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do ghoir Abimelech Isaac, agus a dubhairt, Féuch go deimhin a sí do bhean í: agus cionnus a deir tusa, A sí mo dhearbhshíur í? agus a dubhairt Isaac ris, Do chíonn go ndubhairt mé, Deagla go néugfuinn da cionn.

Féach an chaibidil Cóip




Geineasas 26:9
5 Tagairtí Cros  

Ghlaoigh Forann chuige ar Abrám dá bhrí sin agus dúirt: “Cad é seo a rinne tú orm? Cén fáth nár inis tú gurbh í do bhean í?


“Céard é seo atá déanta agat linn?” arsa Aibímeilic. “B'fhurasta a tharlú go rachadh duine dár muintir chun luí le do bhean agus ansin bheadh coir tugtha sa mhullach agat orainn.”


Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá.


Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’?


Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí