Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Geineasas 24:44 - An Bíobla Naofa 1981

44 Bíodh deoch agat, agus tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith - gurab í sin an bhean a roghnaigh an Tiarna do mhac mo mháistir.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Agus a déura sisi rium, Ibh féin deoch, agus tarreonguidh misi mar an ccéadna dod chámhulluibh: go madh í sin an bhean do chinn Día do mhac mo mhaighistir.

Féach an chaibidil Cóip




Geineasas 24:44
11 Tagairtí Cros  

An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.


An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.”


Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh:


Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ‘Tabhair dom deoch le do thoil,’ arsa mise léi.


Ar an ucht a chaitear na cranna, ach ón Tiarna a thagann an réiteach.


An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.


Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar, ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.


ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta, agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.


ach iad féin a mhaisiú le dea-oibreacha mar a oireann do mhná a bhfuil meas na cráifeachta acu orthu féin.


ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh.


Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí