Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Geineasas 20:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ach ní raibh aon chaidreamh fós ag Aibímeilic uirthi agus dúirt sé: “A Thiarna, an marófá an mhuintir atá gan chionta, chomh maith?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ach ní tháinig Abimelech na gar: achd a dubhairt sé, A THIGHEARNA, an muirfidh tu mar sin cineadh ionnruic?

Féach an chaibidil Cóip




Geineasas 20:4
7 Tagairtí Cros  

Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.


Nach ndúirt sé féin: ‘Is í mo dheirfiúr í’ agus dúirt sí féin: ‘Is é mo dheartháir é.’ Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.”


Ansin dúirt Dia leis san fhís: “Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m'aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi.


Nuair is ropairí a mharaigh fear ionraic ina theach féin, agus é sínte ar a leaba, nach mó go mór atá sé de dhualgas orm éiric a chuid fola a éileamh uaibhse, agus sibh a scrios de chlár na cruinne?”


Dúirt Dáiví le Dia: “Nach mise a thug an t‑ordú an pobal a áireamh? Mise a pheacaigh; is mise a rinne an drochrud seo. Ach na daoine seo, an tréad seo, cad tá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa, a Thiarna mo Dhia, agus ar mo chlann; ach téadh do phobal slán ón bplá.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí