Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Geineasas 20:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Is é a dúirt Abrahám faoina chéile Sárá: “Is í mo dheirfiúr í,” agus chuir Aibímeilic rí Ghearár fios ar Shárá agus ghabh chuige féin í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a dubhairt Abraham a ttáobh Shárah a mhná, A si mo dheirbhshiur í: agus do chuir Abimelech righ Gérar fios, agus do ghlac sé Sárah.

Féach an chaibidil Cóip




Geineasas 20:2
17 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic flatha Fhorainn í, mholadar í i láthair Fhorainn agus tugadh an bhean isteach i bpálás Fhorainn.


Agus fairis sin is deirfiúr dom í go deimhin, iníon do m'athair, ach nach iníon do mo mháthair í; agus tugadh dom í mar chéile.


Um an dtaca sin tháinig Aibímeilic agus Fíocol, a thaoiseach airm, agus dúirt le hAbrahám: “Bíonn Dia leat i ngach ní a dhéanann tú.


Bhí gorta sa tír - ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám - agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach.


Agus dúirt Aibímeilic le hÍosác: “Imigh leat uainne, mar is cumhachtaí go mor tú ná sinne.”


Nuair a chuir muintir na háite ceist air faoina bhean, d'fhreagair sé: “Is í mo dheirfiúr í,” mar bhí eagla air a rá: “Is í mo bhean í,” le faitíos go gcuirfidís é féin chun báis ar son Ribeacá de bharr feabhas a scéimhe.


Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?


Rinne Eilíeizir mac Dhódaváhú ó Mháraeiseá tairngreacht in aghaidh Iahóiseáfát á rá: “De bhrí go ndearna tú conradh le hAchaizíá,” ar sé, “tá do shaothar millte ag an Tiarna.” Scriosadh na longa agus níor éirígh leo riamh seoladh go Tairsís.


Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.


Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.


Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.


Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan; ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós.


Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor.


Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.


Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí