Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Filipigh 2:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dá bhrí sin más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá cion nó trua ar bith ionaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Má fhaigheann sibh mar sin aon ábhar misnigh i gCríost, nó má bhíonn an grá do bhur ngríosú, nó an Spiorad á roinnt libh, nó má tá cion agaibh orm, nó bá agaibh liom,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, má tá aon fhortacht i gCríost, má tá aon tsólás san ngrádh, má tá aon chumann san Spiorad, má tá truagh nó trócaire ar bith ann, déanaidh‐se mo gháirdeachas do chóimhlíonadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Uime sin mar atá cómhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá sólas ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Dá bhrí sin más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá cion nó trua ar bith ionaibh,

Féach an chaibidil Cóip




Filipigh 2:1
42 Tagairtí Cros  

Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Féach! nach maith agus nach aoibhinn é go mbeadh bráithre ina gcónaí le chéile.


Dá bharr sin, ar son Mhóáb tá mo chliabh mar chláirseach ar crith, agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.


Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.


Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.


Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.


Ach anois táim ag teacht ag triall ort, agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol, ionas go mbeadh an lúcháir is liomsa go hiomlán acu iontu féin.


Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí


Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.


Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.


Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail,


mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.


Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis.


Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh.


A bhuí le Dia a bhíonn i gcónaí dár seoladh ina mhórshiúl caithréimeach i gCríost agus ag leathadh eolais air trínár mbíthin i ngach áit mar a bheadh boladh cumhra ann.


Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus “Abba, a Athair” á screadadh aige.


Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,


Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia.


Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.


Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,


Is é atá uaim, go mbeadh misneach ar a gcroí, go mbeidís nasctha dá chéile le grá agus go dtiocfaidís chun barr cinnteachta agus tuisceana ionas go gcuirfidís eolas ar rúndiamhair Dé,


Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.


Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.


de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.


An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.


Ní fhaca aon duine Dia riamh. Má thugaimid grá dá chéile maireann Dia ionainn agus is lánfhoirfe ionainn a ghrá.


Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí