Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 6:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 D'fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d'arán chun go mbeadh greim an duine acu.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Ba é an freagra a thug Pilib air, “Ní leor dóibh luach dhá chéad déanar dʼarán, le beagán a thabhairt don uile dhuine acu.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 D’fhreagair Pilip é: Ní leor luach dhá chéad pighinn d’arán dóibh, chun go bhfaghadh gach duine acu beagán beag.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 D’fhreagair Pilib dó, Níor leor dóibh luach dhá chéad pinginn d’arán chum go mbéadh blúire beag de ag gach duine aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Do fhreagair Philib dhó, Ní lór dhóibh luách dhá chéud phighinn daránuibh, do chum go nglacfadh gach áon aca beagán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 D’fhreagair Pilib é: Ní bheadh i luach dhá chéad pingin de bhulógaibh oiread agus thabharfadh blúire beag do’n duine acu.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 6:7
10 Tagairtí Cros  

D'fhreagair a sheirbhíseach: “Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?” “Tabhair don phobal é le hithe,” ar seisean go daingean, “óir seo mar a deir an Tiarna: ‘Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.’ ”


Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’


Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad leis: “An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar d'arán agus é a thabhairt dóibh le hithe?”


Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.”


Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib.


Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”


Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis.


“Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”


“Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí