Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 6:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Agus thóg Íosa na builíní, d'altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b'áil leo de na héisc.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Ghlac Íosa na builíní ansin, agus dʼaltaigh sé iad, agus roinn sé iad ar a raibh ina suí; agus mar an gcéanna leis na héisc, an méid a bhí uathu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus ghlac Íosa na h-aráin: agus nuair a thug sé altughadh, roinn sé ar an méid a bhí ina suidhe: agus na h-éisc mar an gcéadna, a oiread agus a b’áil leo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus do thóg Íosa na bollóga; agus iar mbreith buidheachais dó, do roinn sé iad ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe; agus na h‐iasca, chómh maith, an oiread díobh do theastuigh uatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do ghlac Iósa na haráin; agus ar mbreith buidheachus, do roinn sé ar na deisciobluibh, agus na deisciobail ar na cuibhreannuibh iád; agus mar an ccéudna fós do na hiásgaibh beaga an mhéid dob áill léo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Ansan do thóg Íosa an t-arán agus ghaibh sé buidheachas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suidhe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go rabhadar go léir sásta.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 6:11
13 Tagairtí Cros  

agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, d'altaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.


Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.


Dúirt Íosa leo: “Tugaigí anseo cuid de na héisc a ghabh sibh anois.”


Tháinig Íosa agus thóg an t‑arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.


Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi.


Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna.


“Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?”


Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t‑arán agus chrom ar é a ithe.


An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.


Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.


agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost.


Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí