Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 20:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 agus an brat a bhí ar a cheann - ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 agus an t‑éadach a bhí ar a cheann, agus é fillte air féin in áit ar leith, gan é a bheith ina luí leis na fáiscéain línéadaigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus an t-éadach a bhí ar a chionn, gan é leagtha i dteannta na línéadach, acht cuachta i n-aon áit amháin leis féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus an naipcín, do bhí ar a cheann, acht é fillte i n‐áit eile ar leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus an náipcin, do bhí uimá cheann, ní bhfochair an línéadaigh, achd air leith ar na fhilleadh air a chéile a náon áit amháin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus an ciarsúir a bhí ar a cheann, agus ní h-i dteannta na n-éadaighe lín a bhí sé sin, ach i n-áit fé leith agus é fíllte i n-aon áit amháin.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 20:7
4 Tagairtí Cros  

Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín.


Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.”


Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach.


Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí