Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 2:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí fhios aige féin cad a bhí sa duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 as siocair gur thuig sé iad uile agus nach raibh feidhm aige ar dhuine a thabharfadh fianaise dó i dtaobh an duine; mar bhí a dhea-fhios aige féin faoi cad é ab fhiú an duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus de bhrígh nach raibh feidhm aige go dtabharfadh aoinneach fiadhnaise fá’n duine: óir bhí a fhios aige féin cad ébhí san duine.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 agus nár theastuigh uaidh teist ar an duine d’fhágháil ó aoinneach; óir do b’eol dó féin créad do bhí sa duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus tré nach raínig sé a leas neach ar bith do dhéunamh fiádhnuisi air dhuine: oír do bhí a fhios aige féin créd do bhí ann sa duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus toisg gan aon ghádh bheith aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a bhí sa duine.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 2:25
9 Tagairtí Cros  

má thagann doilíos croí ar aon duine (nó ar phobal Iosrael go léir) agus go ndéanann sé impí nó achainí, agus go síneann sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,


Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta, ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.


Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí?


Thug sé leis é chun Íosa. D'fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” - focal a chiallaíonn Carraig.


Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.”


Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.”


Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?


Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath.


Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n‑aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n‑aigne.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí